Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Scéal greannmhar faoi chúpla gamhain a bhí ag an bhó a cheannaigh a hathair. | 00:02:48 | |
Ba ghnách le dream an tSeascainn Bhig an t-eallach agus an stoc a thabhairt síos go Machaire Gathlán sa tSamhradh. Bhí tithe beaga thíos acu agus chónaíodh siad thíos ansin ar feadh cúpla mí don bhliain. Bhí an t-athrach seo maith ag an eallach agus ba sin an chúis a ndéantaí seo. Buailteachas a thugtaí ar seo – ‘pastoral nomads.’ | 00:05:12 | |
Bhíodh Nellie ag cniotáil nuair a bhíodh sí ag buachailleacht an eallaigh. | 00:02:03 | |
D’imeodh a hathair go hAlbain ag obair agus ba Nellie a fágadh le hamharc i ndiaidh an chapaill. “Here comes Miss Johnston” a deireadh Máiread Frank nuair a chífeadh sí Nellie ag teacht ag marcaíocht ar an chapall. Chaith stócaigh Inis Meáin clocha leis an chapall agus d’imigh an capall ag sodar agus bhí eagla ar Nellie go gcaitheadh sé anuas go talamh í. | 00:10:08 | |
A cuimhní ar bhuachailleacht agus ag tarraingt srócáin agus á mbruith i gcannaí stáin. Bhíodh siad thíos fríd an ghaineamh. Bhí préataí curtha ag a hathair fosta agus bhíodh an t-eallach istigh fríd na bpréataí agus iad na suí ag amharc ar na heasóga. | 00:02:35 | |
Thagadh deireadh gasta leis an bhuachailleacht i Machaire Gathlán nuair a bhíodh an lán mhara ag líonadh. Ta athrach mhór tagtha ar rudaí anois. | 00:04:32 | |